Suaitheantas CS Mac Dara An Ghaeilge Bheo

An Pháirc

Is páirc astro ar an gcaighdeán is airde í Páirc Astro na Ceathrún Rua, ar ar cuireadh dromchla nua 5G in 2025. Is páirc uile-aimsire faoi thuilsoilse í, agus is í an pháirc imeartha baile atá ag CS Mac Dara. Tá an pháirc forbartha ag Coiste na Páirce, a dhéanann forbairt agus bainistíocht ar áiseanna spóirt agus caitheamh aimsire ar an gCeathrú Rua.

Faigh treoracha ar Google Maps →

Teacht chun na páirce

Tá an Pháirc Astro ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, trasna an bhóthair ó Pháirc an Chathánaigh. Ó chathair na Gaillimhe, lean an R336 siar an cósta trí na Forbacha, an Spidéal agus Indreabhán; ag Casla, lean na comharthaí i dtreo na Ceathrún Rua. Timpeall 45 nóiméad tiomána ón gcathair atá sé.

An Áis

An dromchla nua 5G agus traenáil na n-óg ar siúl

An dromchla nua 5G, a leagadh in 2025 — traenáil na n-óg faoi lánseol.

Brat an chlub agus traenáil ar siúl

Traenáil tráthnóna ar an bpáirc.

Úsáid na páirce

Traenáil i rith na seachtaine, agus cluichí ag an deireadh seachtaine.

Féach an clár traenála →